Ionad Trédhearcachta
Foghlaim faoi
bheartais ar fud Google
Ár gcuid táirgí a dhéanamh sábháilte, sin an chéad bheart a dhéanaimid lenár misean maidir le faisnéis a dhéanamh inrochtana agus úsáideach ar fud an domhain a fhíorú. Fiosraigh ár nIonad Trédhearcachta chun tuiscint a fháil ar na beartais a choinníonn úsáideoirí slán ó dhochar agus ó mhí-úsáid, chomh maith le faisnéis faoin gcaoi a ndéanaimid na beartais sin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Bearta a dhéanamh le
sábháilteacht ar idirlíon uile
a chinntiú
Beartas ar fud Google
Éiceachóras digiteach fónta a chaomhnú
Téann na billiúin daoine i muinín Google gach lá le haghaidh faisnéise agus taithí ar líne atá iontaofa agus ar ardchaighdeán. Glacaimid go dáiríre lenár bhfreagracht cloí le hardchaighdeán ár gcuid táirgí agus seirbhísí agus muinín úsáideoirí ionainn a chothú. Tá ár gcuid téarmaí seirbhíse, polasaithe táirgí, polasaithe forbróirí agus treoirlínte pobail ann le húsáideoirí a choinneáil slán agus muid ag déanamh ár ndícheall lenár misean a fhíorú.
Foirne a dhíriú ar iontaoibh agus ar shábháilteacht
Déanaimid infheistíocht i dtaighde agus i dteicneolaíocht le tuiscint a fháil ar na dóigheanna ar féidir mí-úsáid a bhaint as ár gcuid táirgí agus seirbhísí, agus le rioscaí féideartha a mhaolú Bíonn ár gcuid foirne ag obair go tréan le polasaithe agus caighdeáin inscálaithe atá bunaithe ar shonraí a chruthú agus a chur i bhfeidhm, rud a chosnaíonn ár gcuid úsáideoirí trína chinntiú go n-úsáidtear ár gcuid táirgí agus seirbhísí ar bhealach freagrach.
Cosc a chur le dochar agus le mí-úsáid inár gcuid táirgí uile
Tiomantas don trédhearcacht
Faigh tuilleadh amach faoi conas a eisímid go rialta faisnéis faoi iarratais rialtais chun ábhar a bhaint, chomh maith leis na gníomhartha a dhéanaimid chun ár n-úsáideoirí agus ár n-ardáin a chosaint ó ábhar a sháraíonn ár bpolasaí nó ár ndlíthe áitiúla Chomh maith leis sin foghlaim conas a oibríonn moltaí ábhair thar tháirgí agus seirbhísí Google.
Uirlisí le haghaidh aiseolas ábhair, tuairiscithe agus achomharc
Aimsigh uirlisí cabhracha chun aiseolas a thabhairt faoi ábhar, rudaí a thuairisciú agus achomharc a dhéanamh ar ghníomhartha forfheidhmithe áirithe. Faigh tuilleadh faisnéise chomh maith maidir lenár gcláir chomhpháirtíochta atá tiomanta do chomhrac dochar ar fud an Ghréasáin.
Cuir aithne ar ár gcuid ceannairí
1 Tuairisc Sábháilteachta Google Ads, Márta 2024
2 Tuairisc Trédhearcachta Treoirlínte Pobail YouTube, Meán Fómhair 2023
3 Tuairisc Trédhearcachta CSAM, Nollaig 2023